← Bhí sé in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é, agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. 🔊
← Rugadh é i mBaile na Cille, agus tá ballaí an tigh a bhí aige le feiceáil ann fós. 🔊
← Bhí sé an-bhocht, agus rinne sé amhrán breá mar gheall ar é a bheith bocht. 🔊
← Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug sé féin ar an mbochtanas. 🔊
← Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile, agus bhí sé tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊
← Cailleadh é in Uachtar Árd, agus cuireadh é i reilig Chill Chuimín. 🔊
← Ba é Pádhraig Ó Conghaile, Leitir Mealláin (aois 58), a thug an t-eolas di. 🔊